Cú Chulainn an chroidhe mhir
- Source: Dioghluim Dána
- Léamh team: Mícheál Hoyne, Síle Ní Mhurchú
- Description: Apologue; late 16th century
- Manuscript: Clonalis House, The Book of O'Connor Don, f. 393r
[27]
Cú Chulainn an chroidhe mhir
níor chuir riamh i rinn éigin
bríogh i gcréachtnughadh a chuirp
síol na n-éachtchuradh n-orrdhuirc.
[28]
An tráth fa dtigdis uile
i gCúigeadh chlann Rudhraidhe
níorbh uamhan le beithir mBreagh
sluaghadh na gceithir gcóigeadh.
[29]
Fir Éireann d’aonrún cogaidh
d’éis na Tána tángadair
d’fhios Eamhna na mbánshroth mbinn
ealbha ánrath fa Oilill.
[30]
Lingis i lámhaibh Ultach
an Cú fíochdha fóbartach
tré bhróin gcrannruaidh choille reann
i gcoinne armshluaigh Éireann.
[31]
Innlid ar Choin na ceardcha
a gcleasa áigh inneallta
uaisle an chuire chneisghil chaoimh
sa bhreisligh uile d’aontaoibh.
[32]
Leathtrom muinntire Meidhbhe
don chur-sa ar Magh Muirtheimhne
téid soin ar chéadfaidh gcatha
do Choin éachtaigh fhionnMhacha.
[33]
Gidh eadh tar éis a ndearna
ar chathaibh Chláir sheinMheadhbha
do créichtchiorrbhadh cneas an Chon
sa treas éichtiongnadh uathmhar.
[34]
Cuiris láimh – lór do phudhar –
d’éis a chuirp do chréachtnughadh
slat dob orsa d’fhine Ír
ar cridhe an Chon-sa an chleitín.
[35]
‘An croidhe ad-chiú ar n-a tholladh
go dul orm ní fheadamar
gur neamhchruaidhe ‘ná cur cloch‘
ar cur fhearchuaine Ultach.
[36]
Gé a-tá a-niogh ‘n-a chosair chró
níor shaoil mé – móide mh’iarghnó –
narbh iarann cruaidh mo chridhe‘
ar sduaigh ghrianfhonn nGáirighe
[37]
‘Bheith dom chroidhe d’fheoil nó d’fhuil
dá saoilinn‘ ar Cú an chleasraidh
‘fa chlár sreabhghlas na mbeach mbinn
leath a ndearnas ní dhingninn‘.
[27]
Cú Chulainn an chroidhe mhir
níor chuir riamh i rinn éigin
bríogh i gcréachtnughadh a chuirp
síol na n-éachtchuradh n-orrdhuirc.
[28]
An tráth fa dtigdis uile
i gCúigeadh chlann Rudhraidhe
níorbh uamhan le beithir mBreagh
sluaghadh na gceithir gcóigeadh.
[29]
Fir Éireann d’aonrún cogaidh
d’éis na Tána tángadair
d’fhios Eamhna na mbánshroth mbinn
ealbha ánrath fa Oilill.
[30]
Lingis i lámhaibh Ultach
an Cú fíochdha fóbartach
tré bhróin gcrannruaidh choille reann
i gcoinne armshluaigh Éireann.
[31]
Innlid ar Choin na ceardcha
a gcleasa áigh inneallta
uaisle an chuire chneisghil chaoimh
sa bhreisligh uile d’aontaoibh.
[32]
Leathtrom muinntire Meidhbhe
don chur-sa ar Magh Muirtheimhne
téid soin ar chéadfaidh gcatha
do Choin éachtaigh fhionnMhacha.
[33]
Gidh eadh tar éis a ndearna
ar chathaibh Chláir sheinMheadhbha
do créichtchiorrbhadh cneas an Chon
sa treas éichtiongnadh uathmhar.
[34]
Cuiris láimh – lór do phudhar –
d’éis a chuirp do chréachtnughadh
slat dob orsa d’fhine Ír
ar cridhe an Chon-sa an chleitín.
[35]
‘An croidhe ad-chiú ar n-a tholladh
go dul orm ní fheadamar
gur neamhchruaidhe ‘ná cur cloch‘
ar cur fhearchuaine Ultach.
[36]
Gé a-tá a-niogh ‘n-a chosair chró
níor shaoil mé – móide mh’iarghnó –
narbh iarann cruaidh mo chridhe‘
ar sduaigh ghrianfhonn nGáirighe
[37]
‘Bheith dom chroidhe d’fheoil nó d’fhuil
dá saoilinn‘ ar Cú an chleasraidh
‘fa chlár sreabhghlas na mbeach mbinn
leath a ndearnas ní dhingninn‘.
[27]
Cú Chulainn an chroidhe mhir
níor chuir riamh i rinn éigin
bríogh i gcréachtnughadh a chuirp
síol na n-éachtchuradh n-orrdhuirc.
[28]
An tráth fa dtigdis uile
i gCúigeadh chlann Rudhraidhe
níorbh uamhan le beithir mBreagh
sluaghadh na gceithir gcóigeadh.
[29]
Fir Éireann d’aonrún cogaidh
d’éis na Tána tángadair
d’fhios Eamhna na mbánshroth mbinn
ealbha ánrath fa Oilill.
[30]
Lingis i lámhaibh Ultach
an Cú fíochdha fóbartach
tré bhróin gcrannruaidh choille reann
i gcoinne armshluaigh Éireann.
[31]
Innlid ar Choin na ceardcha
a gcleasa áigh inneallta
uaisle an chuire chneisghil chaoimh
sa bhreisligh uile d’aontaoibh.
[32]
Leathtrom muinntire Meidhbhe
don chur-sa ar Magh Muirtheimhne
téid soin ar chéadfaidh gcatha
do Choin éachtaigh fhionnMhacha.
[33]
Gidh eadh tar éis a ndearna
ar chathaibh Chláir sheinMheadhbha
do créichtchiorrbhadh cneas an Chon
sa treas éichtiongnadh uathmhar.
[34]
Cuiris láimh – lór do phudhar –
d’éis a chuirp do chréachtnughadh
slat dob orsa d’fhine Ír
ar cridhe an Chon-sa an chleitín.
[35]
‘An croidhe ad-chiú ar n-a tholladh
go dul orm ní fheadamar
gur neamhchruaidhe ‘ná cur cloch‘
ar cur fhearchuaine Ultach.
[36]
Gé a-tá a-niogh ‘n-a chosair chró
níor shaoil mé – móide mh’iarghnó –
narbh iarann cruaidh mo chridhe‘
ar sduaigh ghrianfhonn nGáirighe
[37]
‘Bheith dom chroidhe d’fheoil nó d’fhuil
dá saoilinn‘ ar Cú an chleasraidh
‘fa chlár sreabhghlas na mbeach mbinn
leath a ndearnas ní dhingninn‘.